Nuacht don suíomh idirlíonra

Tá Seachtain na Gaeilge buailte linn agus faoi mar is gnáth d’eagair oifigeach na teanga ar Choiste Bhaile Átha Cliath comórtas Thráth na gCeist do bhaill óga atá ag freastal ar ranganna a cúig nó a sé sa bhunscoil mar thacaíocht d’aidhmeanna na seachtaine. Bhí an-chraic againn sa chlub oíche Déardaoin seo caite ag an gcomórtas do bhaill cumainn i ndeisceart na cathrach – bhí comórtas eile as siúl oíche Dé Máirt i gCumann Eoghan Rua-Oilibhéir Pluincéad do chumainn i dtuaisceart na cathrach. Is ábhar mórtais dóibh agus dá muintir caighdeán na Gaeilge atá ag na laids óga. Faraoir, ní raibh caílín ar bith ina measc –  an bhliain seo chugainn b’fhéidir. Ghnóthaigh Foireann a dó as Cumann Na Sáirséalaigh i Leamhcán an chéad áit agus tháinig Cumann Naomh Eoin sa dara h-áit. Comhghairdeachas libh go léir.